School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- Location:
- Killarney, Co. Kerry
- Teacher: Na Siúracha
![The Schools’ Collection, Volume 0456, Page 015](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0456%2FCBES_0456_015.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0456, Page 015
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)“Neosfaidh mé duit ach cad á uait-se?” “Tá deoch breágh uisge glan.” ar seisean. “B’an fhuiriste dom é sin a d’fhághail ach deoch fíona a loirg an gabhar orm.” “Léan air an fheasóigín mothallach fhuigheallach.” Mise a bhaineann na giobaill de na daoine agus a cuireann síoda breágh ar a ndrom,” “Bhailig leat?” agus do bhailigh sé leis annsan. An tarna rud a bhuail sé leis annsan ná fear críonna. Bhí féasóg leath síos go dtí béal a bhróg air. “Cad é sin an t-aos atáinn tú?” arsan garsún leis. “Nílim.” ar seisean, “ach dhá céad blian. “B’shin a bhfuileann tú?” arsa mac na bainntrighe. B’fhéidir, ach nuair beidhfear féin ag m’aois gur suarach an tuirt thú. Bíodh ag cur díot uaim.” ar seisean. Bhailig sé leis uaidh agus nuair a fuair sé é féin amach as an gcoill, do bhuail trí cosáin uime leis ag ceann na coille. Bhí dhá ceann móra leathana agus ceann beag eile ana chaol. “Tógfaidh mé an ceann caol.” ar seisean, “fé mar dúbhairt mo mháthair mar geall ar an mbulóig, gheóbhaidh mé an ceann caol,” ar seisean. Chuir sé de sa chosán caol, shiubhail sé ceann i bhfad d’Éirinn. Tar éis ceithre míle do siubhal, do chonnaic sé tig ana bhreágh agus ba mhór an t-ionghganntas tig breágh a fheiscint san am san. Chuaidh sé isteach agus bhí bean bhreágh tighe istig roimis. Do loirg sé greim le n-ithe di “A geóbhaidh tú is fáilte,” ar sise.(continues on next page)
- Informant
- Pádruig Ó Suilleabháin
- Gender
- Male
- Age
- 69
- Address
- Killarney, Co. Kerry