School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- Location:
- Killarney, Co. Kerry
- Teacher: Na Siúracha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Díol agus CeannachBíodh peidléirí ag dul tímpall agus íallachas, raicí agus snáthaidí á ndíol aca. Thabharfaidís duit íad ar phíosa phlainnín nó an ruaimneach a bhí ar eirbeall capaill. Bhíodh ana dhúil aca an ruaimneach d’fhághail cun “brushanna” do dhéanumh. Dheinidís na “brushanna” do’s na daoine a cheannóchadh uatha iad, mar ní bhíodh aon sguab eile ag imtheacht ach íad an uair sin. Dheinidís “sheeranna” móra páipéir de phlainnín. D’fhanadh na peidléirí ins na tightibh – ní chuiridís aoinne amach san am san. Bhí na daoine ana nádúrtha an uair sin. Thagadh na tinncéirí uair sa coichtighdheas. Ní fhéadfá íad do chur amach. Dá mbeadh cruach móna in aice leó ní fhágaidís fód agat. Chuir na daoine as na h-áiteanna sa deire.
- Informant
- Pádruig Ua Súilleabháin
- Gender
- Male
- Address
- Killarney, Co. Kerry
- An t-AonachUair sa coichtighdheas fadó, bíodh aonach ar an sráid. Chaitheadh gach duine díol as a chuid chapall agus as a chuid muc. Ní fhéadfadh duine dul ar an aonach gan an “custom” d’íoch.
Dá gceannuighinn capall nó aon ainmhidhe ceithre cos caithinn é cur “ar éirneast” ann.(continues on next page)- Informant
- Pádruig Ua Súilleabháin
- Gender
- Male
- Address
- Killarney, Co. Kerry