School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- Location:
- Killarney, Co. Kerry
- Teacher: Na Siúracha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- XML Page 042
- XML “Bia”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Stampaí. Gheibhidís prataí go bréagh glacta agus phiocaidís amach ar eagla go bhfanfadh aon brúscar ins na prataí. Thagaidís annsan le blúire stáin (boscaí). Chuiridís row de puill le tairgne. Sgríobaidís na prataí ar an dtaobh garbh de’n stán. D’fhágaidís istig in éadach bréagh glan iad; buailidís ar an mbórd é. Cuiridís gráinne beag plúir tríd cun é do coiméad le céile agus chuiridís annsan ar an ngriodail é bhíodh sé ana throm agus sin é an ciall is mó gur éirigheadar as ar fad ar deire.
Miodhbhán. Phiocaidís é nuair a bhíodh an rabharta ann agus an ciúineas. Chuiridís á thriomú ar flagaí na trágha agus thabharfaidís abhaile leó é agus thabhairfaidís dos na leanbhaí é agus bhíodh sé ana fholláin. Dhíolfaidís an cuid éile dhi ar cúig sgilling an leath mhála.Ainm an duine ó’n a bhfuaras an sgéal:-
Bean í Bhuirtínig
Tig na mBocht, Cill ÁirneAn ceanntar ‘nar chaith sí a h-óige:-
Na Ródaí
Cathair Saidhbhín- Informant
- Bean Uí Bhuirtinig
- Gender
- Female
- Address
- Killarney, Co. Kerry