School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- Location:
- Killarney, Co. Kerry
- Teacher: Na Siúracha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bacach an TeampallBhí ainm aedharach ar bóthar áirighthe. Deirtí go raibh sprid le feiscint ann gach oidhche ach ní leigfeadh eagla d’aoinne labhairt leis. In deire na dála tháinig fear agus cheap sé go mbeadh ana mhisneach aige dá mbeadh braoinín ólta aige. Tháinig mo dhuine tráthnóna agus bhí sé cuibhseach meidhreach nuair a gaibh sé an bóthair. Connaic sé an sprid agus tháinig crith cos agus lámh air. Fé dheire do labhair sé agus dubhairt “Cad tá uait,” ar seisean, “in ainm Dé?”
“Píop is tobach do bacaigh a teampuill, chuir-se féin rann as san” arsa’n sprid.
“Cuirfidh mé,” ar seisean.
“Dá mbeidhfeá-sa istig i bFlaithis Dé in am ní beidhfeá id’ anncaire annso.
“Go graidhin go dtalamh tú,” arsa’n sprid, “is mó lá atá tabhartha agam anso agus níor fhreagair aoinne mo cheist dom. Raghaidh mé anáirde go Flaithis Dé gan aon mhoill. Sin a raibh de mhoill orm ach an méid sin. Cidhfidh tú mé ag dul agus ní chuirfidh mé aon eagla ar aoinne feasta arís. Tabharfaidh mé an méid sin le feiscint duit.” Connaic an fear an soluis is breághtha dá bhfeaca sé riamh.(continues on next page)- Informant
- Pádraig Ua Suilleabháin
- Gender
- Male
- Address
- Killarney, Co. Kerry
- Informant
- Seán Ua Muirceartaigh
- Gender
- Male
- Address
- Glencar, Co. Kerry