School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- Location:
- Killarney, Co. Kerry
- Teacher: Na Siúracha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)chuaid, chuaid sí isteach roimis, agus tháinig árd eagla air, mar ní raibh aon tig in aice leis. Do bhuail sé breóite láithreach in a dhíaíd. Tháinig an sagart cuige.
“Ar bhuailis é,” arsa seisean.
Im bríathar féin nár bhuaileas,” ar’s’ an fear. “Ar chuais isteach i dígh an bóthair uaidh” ars’ an sagart.
“Do cuas a Athair,” ars’ an fear.
“Ar dtáinig sí romhat arís ann.” “Do tháinig a Athiar.”
“Ar cuais isteach i dígh atá ar an dtaobh eile?”
“Do cuas, ach níor dhein sé an gnó dom.”
“Ar lean sí i bfad tú?”
“Ní feadar a Athair, bhí an iomad eagla orm.”
“Ar bhuail aon streallán uisge leat ar mbóthar!”
“Bhuail a Athair.”
“Ar lean sí thairis an uisge?”
“Níor lean a Athair.”
“Molad le Día” ars’ an sagart “mar, ní feichidh tú arís ar fead do shaoghail í.” Ainm an duine ó’n a bhfuaras an sgéal:-
Pádruig Ua Súilleabháin
Tig na mBocht, Cíll Áirne- Informant
- Pádraig Ó Súilleabháin
- Gender
- Male
- Address
- Killarney, Co. Kerry