School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- Location:
- Killarney, Co. Kerry
- Teacher: Na Siúracha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sean-Nósanna Ní bíod aon lasáin ag muinntir na tuaithe tímcheall le leath céad blíadhan ó shoin. Nuair a bhíod an teine in éag ar maidin is é rud a deintí ná dul ‘dtí tig cómharsan ag lorg spré teine leis an ádh-úghad in a dtig féin. Ach ní h-é gac aon cómharsa a thugadh síol na teine uaid le h-eagla go mbéarfad an t-íarratóir rath na blíadhna ó’n dtig. Bidtí ana-aireach go léir i dtaobh an ime do dhéanamh. Dá dtagadh duine isteach sa tig le linn an h-oibre sin a bheith idir lámhaibh, iarrtaí ar an gcuairteóir casadh a (baile) bhaint as an mheidhir. Creidtí dá dtugadh an duine aon cabhair uaidh ag déanamh na coiglinne ná fhéadhfadh sé an t-ím a fhúadhach. Ní tabharfaí an bhuarach (spancel) (an lainncis a cuirtear ar chosaibh na mbó nuair a bhídtear á gcrú) do dhuine ar ór, ná ar airgead le h-eagla beadh an rath ar na búaibh. Ní tabarfhadh fear iasacht dimhis uaidh sul a fuadóchfaí na gcaoireach agus a(continues on next page)
- Collector
- Siobhán Ní Cróinín
- Gender
- Female
- Address
- Lackabane, Co. Kerry
- Informant
- Gearóid Mach Gearailt
- Gender
- Male
- Address
- An Gabhlán Beag, Co. Kerry