School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- Location:
- Killarney, Co. Kerry
- Teacher: Na Siúracha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- XML Page 110
- XML “Cam Caláin na Bláthaí Géire, Cam Ocrach agus Uaigneach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Cam Caláin na Bláthaí Géire, Cam Ocrach agus Uaigneach (continued)
“Bhí beirt pairtidhthe in a gcómhnuidhe in aonfeacht le na chéile, bhíodar ag déanamh "potín"...”
(continued from previous page)in aon cor leo é.” “Cuir airgead ar an ráil mhóna “ ar seisean “agus ná bí ag caint.” “Cuirim má’s seadh,” ar seisean,”deich ficid sgillinge.” “Arú ná fuil fhios agat ,” ar seisean “nach fiú an méid sin í.” .” “Arú na fiú” arsan dioltór. “Fág id dhiaidh í” “Mhuise tógfad í is doca.” arsan peileár. Thóg sé an ráil móna annsan uaidh agus bailig ceathrar acu timceall ar an ráil féuchaint an bhfaighidís amach an soitheach a bhí istig ann. “Ha! Ha!” arsan peileár “tá greim agam ort anois.” “Arú cad tá déanta as an slighe agam” ar seisean. “Beidh fhios “arsan gárda. “Tá sé ag rith tamall maith leat,” Thug sé leis an soitheach agus bhaineadar an corc as annsan arú! Bláthach breagh ghéar a tháinig amac cuaca. Ní raibh aon ainm as san amac ar an duine des na peiléirí ach “Fear na blathaighe géire.” D’fhág sé an áit ar fad bhí an méid sin náire air. Lean an ainm sin é arís nuair a chuaidh sé go dtí baile mór eile. Dubhairt sé dá fhaid a mhairfeadh sé arís dá mbeidís ag teacht roimis ar thaobh an bhóthair ná bheadh aon lámh aige ionnta.
Ainm an duine ó’n a bhfuaras an sgéal:-
Pádruig Ua Súilleabháin
Tig na mBocht, Cíll Áirne- Informant
- Pádraig Ó Súilleabháin
- Gender
- Male
- Address
- Killarney, Co. Kerry