Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- Suíomh:
- Cill Airne, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Na Siúracha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- XML Leathanach 110
- XML “Cam Caláin na Bláthaí Géire, Cam Ocrach agus Uaigneach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Cam Caláin na Bláthaí Géire, Cam Ocrach agus Uaigneach (ar lean)
“Bhí beirt pairtidhthe in a gcómhnuidhe in aonfeacht le na chéile, bhíodar ag déanamh "potín"...”
(ar lean ón leathanach roimhe)in aon cor leo é.” “Cuir airgead ar an ráil mhóna “ ar seisean “agus ná bí ag caint.” “Cuirim má’s seadh,” ar seisean,”deich ficid sgillinge.” “Arú ná fuil fhios agat ,” ar seisean “nach fiú an méid sin í.” .” “Arú na fiú” arsan dioltór. “Fág id dhiaidh í” “Mhuise tógfad í is doca.” arsan peileár. Thóg sé an ráil móna annsan uaidh agus bailig ceathrar acu timceall ar an ráil féuchaint an bhfaighidís amach an soitheach a bhí istig ann. “Ha! Ha!” arsan peileár “tá greim agam ort anois.” “Arú cad tá déanta as an slighe agam” ar seisean. “Beidh fhios “arsan gárda. “Tá sé ag rith tamall maith leat,” Thug sé leis an soitheach agus bhaineadar an corc as annsan arú! Bláthach breagh ghéar a tháinig amac cuaca. Ní raibh aon ainm as san amac ar an duine des na peiléirí ach “Fear na blathaighe géire.” D’fhág sé an áit ar fad bhí an méid sin náire air. Lean an ainm sin é arís nuair a chuaidh sé go dtí baile mór eile. Dubhairt sé dá fhaid a mhairfeadh sé arís dá mbeidís ag teacht roimis ar thaobh an bhóthair ná bheadh aon lámh aige ionnta.
Ainm an duine ó’n a bhfuaras an sgéal:-
Pádruig Ua Súilleabháin
Tig na mBocht, Cíll Áirne- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Airne, Co. Chiarraí