School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- Location:
- Killarney, Co. Kerry
- Teacher: Na Siúracha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Ailistrum. Bheadh ana barra de prátaí agat i bpáirc ‘na mbeadh ailistrum innti.I dtalamh bocht fásann feóchadáin, feocadán fiadhan agus geosaidáin. “Ór fé aiteann
Airgead fé luacair”
Sé talamh an aitinn an talamh is fearr cun barraí do thabhairt. Ní fhásfaidh aiteann in aon áit a bheidh fliuch.An Leamhan buidhe: Bhídís go maith cun leighis do dhéanamh ar noiscóid. Préamhacha sgeach cun dathú gorm do dhéanamh. Na sgeaca gallda chun dath bán d’fághail. Bristí é agus deintí édo bheirbhiu. Tógtaí amach na préamhacha agus cuirtí isteach an ball éadaig a bhíodh le dhathú annsanSa bliain 1858 fuair na daoine sgannradh aríst i dtaobh prátaí. Mheasadar go mbeidís ar nós na bliana go lobhadar istig agus amuigh ortha. Ach níor lobhadar ar gach aoinne san bliain 1858 agus bhíodar le ceannach - geobhaidís ar airgead iad(continues on next page)- Informant
- Padraig Ó Súilleabháin
- Gender
- Male
- Address
- Killarney, Co. Kerry