School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- Location:
- Killarney, Co. Kerry
- Teacher: Na Siúracha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Beatha Sheáin agus MáireDo chomhnuig in Iartar Éireann lánamha de mhuinntir Feirtéir. Níor mór í an slighe beatha, ní raibh aca ach lán cúpla bó agus dá bhrígh sin tháinig an saoghal ana chruaidh ortha. Do bhí dáréug muirighin ortha. Seán a b’ainm do’n té ba shine aca. Buachaill ana chliste do b’eadh é. Ní raibh aon nídh ag dul dó.
Deire na bliana do bhí ann agus lá cíosa ag teacht agus gan an t-airgead ró-fhlúirseach aca. ‘Seadh do cuireadh le chéile é ar cuma éicint. San am san do bhíodh ortha dul go dtí an tighearna talmhan leis an gála. Bhí ar Seán dul leis toisc é a bheith chómh bocht ‘sa t-saoghal do bhí an t-éadach chomh stracuighthe air gur thug sé leis an t-airgead casta i mbrób féir istigh na hata. Seo leis chun bóthair é ar mhuin a sean-láirín. Do chuir sé é féin in iúl do dóirseóir an tighearna ach dubhairt leis ná raibh sé istigh agus fanamhaint sa stábla go dtiocfadh an tighearna isteacht. Do chuaidh mo Sheán bocht do’n stábla agus a chapaillín ar adhastar aige. Shuidh sé ar an máinséar agus thuit a codhladh air. In a codhladh do thuit an hata dhe go raibh ann a cuid do’n tsaoghal agus seo chuige é an tsean láir, agus dhith sé é ar an(continues on next page)- Collector
- Siobhán Ní Cróinín
- Gender
- Female
- Address
- Lackabane, Co. Kerry
- Informant
- Aindrias Úa Seaghdha
- Gender
- Male
- Address
- Dún Chaoin, Co. Kerry