Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- Suíomh:
- Cill Airne, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Na Siúracha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Beatha Sheáin agus MáireDo chomhnuig in Iartar Éireann lánamha de mhuinntir Feirtéir. Níor mór í an slighe beatha, ní raibh aca ach lán cúpla bó agus dá bhrígh sin tháinig an saoghal ana chruaidh ortha. Do bhí dáréug muirighin ortha. Seán a b’ainm do’n té ba shine aca. Buachaill ana chliste do b’eadh é. Ní raibh aon nídh ag dul dó.
Deire na bliana do bhí ann agus lá cíosa ag teacht agus gan an t-airgead ró-fhlúirseach aca. ‘Seadh do cuireadh le chéile é ar cuma éicint. San am san do bhíodh ortha dul go dtí an tighearna talmhan leis an gála. Bhí ar Seán dul leis toisc é a bheith chómh bocht ‘sa t-saoghal do bhí an t-éadach chomh stracuighthe air gur thug sé leis an t-airgead casta i mbrób féir istigh na hata. Seo leis chun bóthair é ar mhuin a sean-láirín. Do chuir sé é féin in iúl do dóirseóir an tighearna ach dubhairt leis ná raibh sé istigh agus fanamhaint sa stábla go dtiocfadh an tighearna isteacht. Do chuaidh mo Sheán bocht do’n stábla agus a chapaillín ar adhastar aige. Shuidh sé ar an máinséar agus thuit a codhladh air. In a codhladh do thuit an hata dhe go raibh ann a cuid do’n tsaoghal agus seo chuige é an tsean láir, agus dhith sé é ar an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siobhán Ní Cróinín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Leaca Bhán, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Aindrias Úa Seaghdha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Dún Chaoin, Co. Chiarraí