School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne

Location:
Killarney, Co. Kerry
Teacher:
Na Siúracha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0456, Page 144

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0456, Page 144

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
  2. XML Page 144
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    éiteach leat.” “Ná dubhraois liom go marbhuighís an caoire dubh.” “Agus marbhuigheas leis” arsan mac. “Tar isteach tá a ceann ag crothadh anuas fós léithe.” Cuaidh sé isteach in aoinfeacht leis. “Tá caoire dubh thuas ar an ngort. Má tá leig dí féinig. B’fhéidir go dtiocfhadh aoinne ar a h-éilleamh fós – Ní raibh aoinne ag teacht á h-iarraidh. Ní raibh aon lá Bealtaine fad a bhí aige ná go mbíodh dá uan aici agus chaith sé feirm eile talmhan do cheannach bhí an oiread san caorach aige ‘na dhiaidh. Dubhairt sé len a mhach nuair a bhí sé tamall mhaith aige go raibh sé chómh mhaith aige imteacht agus an caoire dubh do mharbú. Ná beadh sé cómh maith duit aon ceann eile do mharbhú agus leigint di féin an fhaid mairfeadh sí. “Ní déanfad” ar seisean “marbóchadh an chaoire dhubh.” D’imtig sé agus a mhac cúiche. D’imtig an chaoire dubh uatha agus gach aon méil aici, agus fé ceann aon uair amháin bhí gach aon cheann des na chaoirig in aon “row” amháin. D’imtig sí rómpa amach agus níor dhein sí aon stad gur chuaidh sí isteach na fairrge agus ní fheacha aon cheann aca as san amach.
    Ainm an duine ó’n a bhfuaras é seo:-
    Pádruig Ua Súilleabháin
    Tig na mBocht, Cíll Áirne
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Pádraig Ó Suilleabháin
    Gender
    Male
    Address
    Killarney, Co. Kerry