School: Cor Críochach
- Location:
- Corcreeghagh, Co. Monaghan
- Teacher: Ss. Ó Muireadhaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sé gach eolas a bhí á dhith air do'n fhear a bhí amuigh.
"Ta gearrán a' bhadaidh ins a' choirnéal agus é ceangailte i ngamhlann.
Agus níl aige fiú'n masadh d'cánfadh camhann no drenndán,
Tá an pot ar a' ceinidh agus tá'n maistriugadh dá bhualadh,
Agus oró á' mbéadh ceapaire ag an mbuachaill atá 'muich. - Bhí baintreabhach in a comhnaidhe i gCordubh Ceallaigh fad ó shoin agus bhí mac aici darbh ainm Páidí. Bhí comharsa darbh ainm Seán Mac Cába na comhnaidhe in-aice léithe agus maidin aonaigh na Carraige tháinig sé le Páidí fhagáil mar bhí capall aige le díol ar a aonach agus ba mhaith leis Paidí a thaibhairt leis.
Ar dhóig ar bith chuaidh an bheirt go dtí an t-aonach agus is [?] rabh siad i bhfad ann nair a díodadh an gearrán. Chuaidh Seán fá n-a ghnaithe annsin agus an gasún aige. Tar eis tamaill chrothnuigh sé nach rabh Páidí aige. Chuartaig sé suas is anuas ach cha rabh Páidí le fagáil n-áit ar bith ar an aonach.
Ins an tráthnóna nuair a bhí a chuid oibre deánta d'imthigh sé abhaile. Chuaidh sé go dtí toigh na baintrighe. Tháinig sise amach in-a-aircis [?]
"Chá bhfuil mo ghasún?" ar sise.(continues on next page)- Collector
- Séamus Ó Muireadhaigh
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Peadar Ó h-Ionnrachtaigh
- Gender
- Male