School: Tulca (roll number 1396)

Location:
Tullaha, Co. Kerry
Teacher:
Mícheál Ó Dálaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0461, Page 233

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0461, Page 233

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tulca
  2. XML Page 233
  3. XML “Obair na nDaoine Fadó”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    é do bhualadh, cháthadh agus [a] ghlanadh agus d'fhuineadh agus bhí císde bácáltha nuair [a] bhuail beirt bhan ó Ghleann Garbh isteach chuice ar theacht abhaile dhóibh ón dteampall.
    In iomaraibh chuiridís na prátaí i mBunán fé mar a dheinid an obair fé láthairle rámhainní dheinidís an talamh a rómhar agus bhíodh meithiol ag gach feirmeoir chun é do dhéanamh. Ach, ámh bhí fear ina chómhnuidhe i nDroim an Ghoirtín (Dromagortín sa lámhscríbhinn) (Bunán) agus gan cabhair ó aoinne bhí dhá acra ullamh chun síl prátaí aige roimh an t-aonmhadh lá de mhí Márta. Bhí aithne agam air agus nuair [a] bhí ag obair ina bhaile (ina mbaile sa lámhscríbhinn) dúthchais ní raibh aige acht ceithre sgilinní sa ráithe.
    Nuair [a] bhíodh an taobh eile den bhfód in uachtar dheinidís é do ghrafadh le grafán, agus do cheapadar ná beadh aon phrátaí aca gan an fód do bhriseadh is do ghearradh le cúl agus béal an ghrafáin. Bhíodh barraí maithe de phrátaí ó tháinig na "champions" agus d'airigheas daoine a rádh nuair [a] bhainidís na prátaí nuadha i mí Iúil go gcuiridís na gais airís agus as na prátaibh beaga a bhíodh ceangailte leo [d']fhásadh prátaí móra breághtha plúracha roimh am 15adh Lúghnasa.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
    Language
    Irish
    Informant
    Pádraig Ó Súilleabháin
    Gender
    Male
    Age
    65
    Occupation
    Fear poist
    Address
    Milleens, Co. Kerry