Scoil: Tulca (uimhir rolla 1396)

Suíomh:
Tullaha, Co. Kerry
Múinteoir:
Mícheál Ó Dálaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0461, Leathanach 232

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0461, Leathanach 232

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tulca
  2. XML Leathanach 232
  3. XML “Obair na nDaoine Fadó”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Ba mhaith an sás iad féur a bhaint agus bhí fir i mBunán uair a bhaineadh acra go leith sa ló gan aon trioblóide. Nuair [a] bhíodh sé sabhálta leogaidís i gcocaí móra é: - trí chéad meadhchaint ins gach ceann aca go dtí go mbeadh siad ullamh chun cruach mhór a dhéanamh de agus thagadh na cómharsain gan iarraidh chun an obair sin a dhéanamh.
    Le corránaibh bhainidís an t-arbhar nuair [a] bhíodh sé aibidh. Chuiridís ceithre teidheall ins gach punann agus bhí fear i gCillibonán (Bonán) uair a bhain 36 stúcaí in aon lá amháin. Ní raibh aon mheas ag na feirmeoirí ar an speil, agus fuairnéalach nú fuairthéidh a bheadh duine a bhainfeadh a chuid arbhair leis an speil dachad blian ó shoin. I mí Feabhra chuiridís an grán arbhair fadó agus deireadh na seandaoine "Faoide toradh gan tuighe,
    Márta tuighe gan toradh."
    Bhí brón (=bró) (quern) ins gach tigh nach mór agus dheinidís an grán coirce a mheilt sa bhaile. D'airigheas fear a rádh go raibh bean i nGaorthadh (Bunán) agus chonnaic sí sochraid ag dul go roilig Fiachna, agus nuair ná raibh aon chiste déanta aice, chuaidh sí amach, bain sí cuid den arbhar, thug sí isteach é, dhein sí
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ó Súilleabháin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    65
    Gairm bheatha
    Fear poist (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Milleens, Co. Kerry