Scoil: Kenmare (B.) (uimhir rolla 2849)
- Suíomh:
- Kenmare, Co. Kerry
- Múinteoirí: Eoghan Ó Súilleabháin Liam Mac Cuisín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Kenmare (B.)
- XML Leathanach 502
- XML “Triúr Mic na Baintrí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)"Cad a thabharfaidh tú dhom?" ar sé. "Cúig ceud púint" ar seisean. "Bhfuil cúig ceud púint annsan agat?" ars' an buachaill. "Tá", ar seisean á theasbáint dó. "Cuirfidh mé an net óir igoinnibh do chúig ceud púint go bhfaighidh mé póg ód mhnaoi ar maidin imbáireach". "Síos leis" ars an máighistir. "Bí ibhfolach sa sgioból ar maidin" ar seisean.
Tháinig an mhaidin. Chuaidh an buachaill agus an máighistreás isteach sa sgioból agus thosnuig an pógadh. Phreab an máighistir ina shuidhe. "Cad é seo ar siubhal?" ar seisean. "Trom mo chúig ceud púnt láithreach" ars an buachaill Do thug. "An aon locht a gheibheann tú ar seo?" ar seisean. "Seadh, mo dhóthain mhuise" ars an máighistir. "An dá chluais ón gceann díot" ars an buachaill. Do fuair sé sgian agus do bhain annuas iad. Shín sé an net óir chuig an maighistreás. "T'rom mo dhá phúnt deog chómh maith lem chúig ceud" ar seisean.
Fuair sé é agus d'imthig leis abhaile agus bhí an bheirt dhrithear eile(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó hEaluighthe
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Dawros, Co. Kerry