School: Gort Buidhe (roll number 14509)
- Location:
- Gortboy, Co. Kerry
- Teacher: Gilbert Mac Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá tobar i Lios-Liath-Bhán agus deireann Pádraig Ó Curráin ó Lios-Líath-Bhán gur féidir leis a innsint ó an méid uisce a bhíonn sa tobar - go mór mhór sa samhradh cad é an sórt aimsire a bhéadh ag teacht cughainn - Tá sé comh maith le Barometer aige agus bíonn fíos aige ó an méid uisce a bhíonn sa tobar cé aca beidh an aimsear fliuch nó tirim.
Deireann muinntear na tuatha go mbeidh stoirm ann roimh an oidhche má bhíonn an spéir dearg san oirtear ar maidin.
Nuair a cloiseann síád glór na Giodaighe thuas i Maol-lios deireann síad go mbeidh droch oidhce ann, Nuair a cloiseann síad glór na Giodaige thíos in Gortbuidhe deireann síád go mbeidh oidhche breágh ann.
Nuair a chídtear siongain ar an mbóthar sin comhartha droch-aimsear.
Nuair a bhíonn halla na scoile seo fliuch ar maidin bíonn an tráthnóna go holc.
Comhartha stoirme is eadh an spéir a bheith dubh ós chionn Locha Léin.
Comhartha seacha is eadh an spéir a bheith dearg san iarthar tráthnóna geimhridh.(continues on next page)- Informant
- Siobhán Bean Mhic Gearailt
- Gender
- Female
- Age
- 60
- Address
- Beaufort, Co. Kerry