Scoil: Gort Buidhe (uimhir rolla 14509)

Suíomh:
Gortboy, Co. Kerry
Múinteoir:
Gilbert Mac Gearailt
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0471, Leathanach 029

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0471, Leathanach 029

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gort Buidhe
  2. XML Leathanach 029
  3. XML “Com Caillí, Glúine na Caillí, Fiacla na Caillí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí Cailleach Mhór Ghrandha na comhnaidhe in áit éigin i gCiarraidhe fad ó, fad ó, sa t-sean aimsear. Aon lá amhain chuaidh sí as a meabhair agus thosnuigh sí ag léim as a bolg ó chnoc go cnoc. Léim sí ó Mhangartan go Cnoc Tuirc, agus ó Thorc go dtí Nead an Fhiolair agus ó Nead an Fhiolair go Cnoc Sliogach, agus ó an áit sin go dtí Cnoc na dTarbh agus ó an áit sin go Cnoc Breac. Um an dtaca san bhí tuirse ag teacht uirthi agus nuair do léim sé ó Chnoc Breac go Carrán Tuathaill thuit sí ar an carraig agus ó an lá san go dtí an lá indiu tá ríán a glúna agus a lamha le feicsint ar an gcarraig seo. D'fhan an chailleach i gCúm Caillighe annsan, agus anois nuair a bhíonn stoirm, agus báisteach agus gaoth mhór ins an áit seo deireann na doaine go bfuil an Chailleach sa bhiale arís.
    Clocha móra is eadh FÍACALA na CAILIGHE agus nuair a bhéádh duine in a sheasamh ós a gcomhair amach cheapfadh sé gur fíacala duine iad. Casán garbh ag dul suas ó Chúm Caillighe go Carrán tuathail is eadh DRÉIMRE an DIABHAIL
    D. Ó Donachadha - Lios-a-Phúca
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Coomcallee, Co. Kerry
    Faisnéiseoir
    Diarmaid Ó Donachadha
    Inscne
    Fireann
    Aois
    73
    Seoladh
    Beaufort, Co. Kerry