School: Gort Buidhe (roll number 14509)
- Location:
- Gortboy, Co. Kerry
- Teacher: Gilbert Mac Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gort Buidhe
- XML Page 031
- XML “Cuimín Péiste”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Cuimín eile inaice le Cúm Cailighe is eadh é a seo. Tá loch bheag ann agus tá sí ana dhoimhin ar fad. Deirtear go bhfuil píast mhór fé an uisce ins an loch. Tagann an phíast amach as an uisce anois agus arís agus itheann sí an féar fada glas a fhásann in aice na locha.Bhí fear ag iascach sa loch eile, atá ins an áit céadhna agus bhí a lán breac beirthe aige. D'fhág sé na bric ar an talamh inaice na locha agus tar éis tamaill cad a chonnaic sé acht píast mhór ag teacht go dtí na héisc agus á nithe. Nuair a bhí na h-éisc go léir ithte aice, shiubhal sí isteach san uisce agus d'fhan sí ann. An chéad lá eile gur chuaidh an fear go dtí an áit; bhí a ghunna aige agus chonnaic sé an rud mór dubh ag teacht amach as an uisce. Chaith sé urchar leis an bpéíst (?) mhóir agus do bhuail sé ins an gceann í. Léim an phíast as a colann agus leig sí uaill aiste agus isteach sa loch leí. Dubhairt an fear go raibh sí comh mór le capall beag, go raibh earrbal fada uirthi, ceann mór, cosa beaga agus muíng ag fás ar a muineál.(continues on next page)
- Collector
- Dáithí Ó Leain
- Gender
- Male
- Address
- Lisleibane, Co. Kerry
- Informant
- Diarmaid Ó Leain
- Gender
- Male
- Age
- 76
- Address
- Lisleibane, Co. Kerry