School: Gort Buidhe (roll number 14509)
- Location:
- Gortboy, Co. Kerry
- Teacher: Gilbert Mac Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gort Buidhe
- XML Page 113
- XML “Liosanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá liosanna i gCeathramhadh na huamhain. Tá siad i radharc a chéile. Cuma crainn atá ar gach ceann aca agus tá bannc cré timcheall ar gach ceann aca. Tá poll i lár gach crann aca agus deirtear go bhfuil caidhséir fé thalamh ag dul ó lios go lios. Ní dóigh liom go ndeachaidh aoinne istrach tré na caidhséiribh ríamh mar bíonn eagla ar na daoinibh rompa. Feirmeóirí maithe a bhíodh ins an gCeanntar san ríamh agus bhídís ag treabhadh páirceanna agus ag reabadh préamhachaaitinn agus ag briseadh cloch acht ní bhacaidí leis an lios. Deirtí imeasc na ndaoine, go leanah mí-ádh éigin ar aon feirmeóir a chuirfeadh istheach ar na liosanna.
Bhí fear ag dul abhaile oidhche, ó bheith ag imirt cártaí, Chuaidh sé an bóthar in aice an leasa. Chuala sé an ceol breágh agus an rinnce istig i bpairc an leasa. Do stad sé agus ní fheaca sé aon rud.
Oidhche eile, chuala an fead ceadhna goil ag éirighe ó lios amháin, agus tar éis cúpla nóimeat eile chuala sé an goil i lios eile. Bhífear tinn ins an gcomhansanacht agus fuair sé bás tamall in a dhiaidh san.
Oidhche eile bhí sé ag dul abhaile airís agus bhí sé ana- dheanach. Ní raibh coileach(continues on next page)- Informant
- Diarmaid Ó Donnchadha
- Gender
- Male
- Age
- 73
- Address
- Carhoonahone, Co. Kerry