School: Gort Buidhe (roll number 14509)
- Location:
- Gortboy, Co. Kerry
- Teacher: Gilbert Mac Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gort Buidhe
- XML Page 017
- XML “Loch na Péiste”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fad ó. Bhí Naomh Pádraig in Dún Ló agus chuala sé go raibh píast mhór ins an mBeárna. Chuaidh an Naomh suas an Beárna go dtí tig feirmeóra a bhí ann. Stad sé ann ar feadh seachtmhaine nó mar sin agus fuair sé amach an áit in a raibh an phíast. Chuaidh Pádraig go dtí an áit, agus bhí buidéal uisce-beatha aige. Thosnaig sé ag cainnt leis an bpéist agus thug an naomh braon de'n drúichtín sléibhe as an mbuidéal don phéist.Bhíodar ag cainnt tamaill agus bhí an phíast ag ól. Fé dheire bhí sí ar meisce, agus thuit sí na sámh codladh. Fuair Naomh Pádraig bosca mór láidir annsan agus bhí glas ar an mbosca. Rug sé ar an bpéist agus chuir se isteach sa bhosca í. Annsan chuir sé an glas ar an mbosca. Thóg sé an bosca annsan agus chaith sé isteach sa loch é. Nuair do bhí an bosca síos idtón na locha dhúisig an phíast agus thosnaig sí ag glaodhach.A Phádraig! A Phádraig, ar seisean, leig amach, as an áit seo mé.Leigfead amach tú amáireach? arsa Pádraig(continues on next page)
- Informant
- Diarmaid Ó Donachadha
- Gender
- Male
- Age
- 73
- Address
- Carhoonahone, Co. Kerry