School: Gort Buidhe (roll number 14509)
- Location:
- Gortboy, Co. Kerry
- Teacher: Gilbert Mac Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gort Buidhe
- XML Page 129
- XML “Tithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Deintí fallaí na dtighthe de clocha agus cré bhuidhe agus annsan de clocha agus mairtéal. Deintí an mairtéal de ghainimh ó an geadaig agus aoil ó Dhroumabhalla (?) i gCillorglain. Ní théígheadh aon uisce tré an bfalla san. Bhíodh na saoir-chloch go maith ag a gceárd agus bhí na clocha go flúirseach ins an tír fad ó. Deintí an teinteán i gcoinnibh an phiniúra. Bhíodh doras ar aghaidh an tighe agus doras eile ar chúl an tighe. Bhíodh leath-dhoras in gach tig agus ba úsáideach an rud é cun na cearca agus na muca do choimeád amach as an gcistin. Bhíodh trí seómraí i bhfurmhór dos na tighthe: an cistin, an seómra thuas agus tón a tighe. Bhíodh fuinneóg cuibhseach mhór sa cistin, fuinneóg bheag sa seómra thuas agus fuinneóígín ana bheag ar fad i dtón an tighe. Ní bhíodh acht adhmad ionnta sarar cuireadh gloine ins na fuinneóaibh. Cré buidhe a bhíodh mar míanach san úrlár. Nuair a cuirtí an t-úrlár nuadh sa chistin bhíodh oidhche rinnce aca, cun an cré buidhe do dhéanamh chruiadh.(continues on next page)
- Informant
- Dómhnall O Cróinín
- Gender
- Male
- Age
- 57
- Address
- Gortboy, Co. Kerry