Scoil: Gleann na gCoileach (uimhir rolla 1583)
- Suíomh:
- Glannagilliagh, Co. Kerry
- Múinteoir: Seán Ó Ríoghbhardáin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0472, Leathanach 036](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0472%2FCBES_0472_036.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0472, Leathanach 036
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann na gCoileach
- XML Leathanach 036
- XML “Seanchreidiúint ag na Seandaoine timcheall na hÁite Seo”
- XML “Eoghan Rua Ó Súilleabháin agus an Bheirt Bhan”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Deirtear
Nách bhfuil Dia chómh dian agus tábachtach
Ná'r dhaor sé coidhche duine macánta- Bailitheoir
- Síghle Ní Eaochaoidhirn
- Inscne
- Baineann
- Do bhí Eoghan Ruadh Ó Súílleabháin, an file ag gabháil an bóthar (?) lá, agus do chonnaich sé beirt bhan, agus gach duine ag crudh bó ar thaoibh an bhóthair. Lá an-bhrothallach ab'eadh é agus bhí an-thart ar Eoghan. Do theastuigh deoch go ghéar uaidh, agus dúbhairt sé leis féin go bfhaghaidh sé deoch leamhnachta ó's na mnáibh. Do dhei sé fé na ndeara (?) agus do bheannuig sé dóibh. "Bail ó Dhia ar an obair" ar seisean. "An bhail céadhna ort-sa" ars na mná. Nách breágh brothallach an lá é ar siad, "Tá sé an-brothallach" arsa Eoghan agus tá tart an-domhain orm-sa. Ba mhaith liom deoch d'fhaghail. Do bhí a fhios acu cé bhí ann agus dubradar leis go dtabharfhaidís deoch dá ndeineadh sé rann dóibh. Deanfhad agus fáílte," arsa Eoghan agus do cheap sé an rann so láithreach dóibh.
Chím dhá chruach dhúbha ar an móin,
Dhá chapall chómhra dhá choin
Dhá mhuich dhá caora, dhá uan,
Dhá mhnaoi, dhá buaraig dhá bhain(leanann ar an chéad leathanach eile)