School: Leitir (roll number 15668)

Location:
Letter East, Co. Kerry
Teacher:
Tomás Mac Eóin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0473, Page 012

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0473, Page 012

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leitir
  2. XML Page 012
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgéal
    Bhí bean i gCoill-Coidhtheach uair amháin agus do bhí sí ag fághail bháis. Do chualadh a col-ceathar go raibh sí ana-olc(h), agus d’imthigh sí go dtí an tig cun an oidhche do chaitheamh léi. Bhí sé tímcheall a dódéug a chlog nuair d’imthigh sí. Bhí d’fhiachaibh uirthi dul treasna abhainn cun dul go dtí an tig, agus nuair a bhí sí i lár na h-abhainn do chualadh sí na daoine go léir ag gol, do stád sí, agus do thosnuig sí ag gol in-aoinfheacht leó, mar ceap sí go raibh an bean marbh, agus gurbh’ iad a chlainn a bhí ag gol ‘na dhiaidh.
    Nuair a shrois an bean an tig ní raibh an bean breoidhte marbh in-aon-chor, ná ní raibh aoinne ag gol.
    Annsan bhí fhios aici nárbh’ iad aon duine beo a bhí ag gol. Tháinig iongnadh a croidhe uirthi. D’innis sí an sgéul do gach aoinne. Ní fuair an bean bás in-aon-chor an oidhche sin, do mhair sí ar feadh cúpla oidhche. Do thuit an rud sin amach i gCoill-Coidhtheach timcheall le céud bliadhain ó shin.
    Caitlín Ní Coisdealbha do sgríobh
    Caitlín Bean Uí Coisdealbha (50) d’aithris
    Coill-Coidhtheach,
    Gleannbeithe,
    Co. Ciarraidhe.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Collector
    Caitlín Ní Coisdhealbha
    Gender
    Female
    Informant
    Caitlín Bean Uí Choisdealbha
    Gender
    Female
    Age
    50
    Address
    Kilkeehagh, Co. Kerry