School: Leitir (roll number 15668)
- Location:
- Letter East, Co. Kerry
- Teacher: Tomás Mac Eóin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitir
- XML Page 047
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgéal Do bhí Rígh in Éirinn fadó, is ní raibh aige ach aon ingean amháin. Cailín do b’ead í, ná raibh ábalta ar gol in ao’ chor. Is minic a chuireadh sí fearg mór ar an Rígh, mar nuair a thagadh aon mí-ádh air, is amhlaidh a tosnuígheadh sí ag gáirídhe.
Ar deireadh, do chuir an Rígh fógra amach, go, dtúbharfhadh sé an cailín, mar bean phósta, den fear a bheadh ábalta ar í a chur ag gol. Tháing uaisle agus mic Rígh na tíre, go dtí an pálás an Ríogh, agus do tríaladar gach cleas cun í a chuir ag gol, ac do theip ar gach duine acu, agus cheap an Rígh annsan ná raibh aon slíghe chun í a cuir ag gol. Fé dheire, tháinig fear óg a bhí bocht agus dealbh. Thug sé inniún leis in a phóca. Do thríal sé cúpla cleas ach do theip air.
Do thóg sé an t-inniún as a phóca sa deire, agus do thosnuig sé ar í a ghearradh ós a cómhair amach. I gcionn tamuill do thosnuigh na deóra ag teacht ó’n a dá shúil, go dtí go raibh sí ag gol go fuígheach. Do phósadh an fear agus an cailín óg, agus do mhaireadar fé rath is fé sheán, ar feadh a saoghail. Mícheál Ua Gríbhthín, do sgríobh
Cáit Bean Uí Gríbhthín, (50) d’aithris
Leitir
Gleannbeithe.- Collector
- Mícheál Ua Gríbhthín
- Gender
- Male
- Informant
- Cáit Bean Uí Gríbhthín
- Gender
- Female
- Age
- 50
- Address
- Letter East, Co. Kerry