School: Leitir (roll number 15668)
- Location:
- Letter East, Co. Kerry
- Teacher: Tomás Mac Eóin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitir
- XML Page 033
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- SgéulBhí buachallaidhe ag aodhaireacht lá. Gaibh taistealaidhe an threó. Do bheannuig an buachaill do, ach níor leig an taistealaidhe air, go bhfeaca sé é. Thug sé an bóthar air gan suím a chur sa bhuachaill. Nuair a tháinig an tráthnóna thiomáin an buachaill a chaoirig roimís abhaile. Ba gheárr go bhfeaca sé sparán ar an gcasán, sparán go raibh céad púnt ann, agus ainm an té gur leis é sgríte air. Sáid sé an sparán ‘na phóca is do gluais air. Níor bhfada go bhfeaca sé fear ag teacht ‘na choinnibh, si é ag cuarach do rud éigin ar an gcasán. Cé bhí ann ach an taistealaidhe dúr.
“A bhfeachaís sparán ar chailleamhaint?” ar seisean leis an mbuachaill. “Is ionghnadh liom tú ag chur ceiste orm,” arsan buachaill. “Fuaras sparán ar chailleamhaint, ach ní fheadar an leat-sa é, cad is ainm duit.”
“Mícheál Ó Gráda,” arsa an fear.
“Tá an ceart agat, is leat an sparán, seo duit é, is tá súil agam go mbeannóchair feasta do sna daoine a bheannuígheann dhuit.”
Ba mhaith leis an dtaistealaidhe airgead a thabhiart do’n mbuachaill, ach ní ghlachfadh an bhuachaill uaidh é.” “Níor dheineas ach mo dhualgas,” ar seisean. Ghaibh an taistealaidhe buidheachas leis, is do scaradar.Siobhán Ní Curnáin do sgríobh.
Siobhán Bean Uí Curnáin (50) d’aithris..
Caoldubh Uachtarach,
Gleannbeithe.- Collector
- Siobhán Ní Curnáin
- Gender
- Female
- Informant
- Siobhán Bean Uí Curnáin
- Gender
- Female
- Age
- 50
- Address
- Kealduff Upper, Co. Kerry