School: Cathair Samháin
- Location:
- Cathair Samháin, Co. Kerry
- Teacher: Máire E. Bean Uí Sheaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cathair Samháin
- XML Page 386
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- SgéalDo bhí gréasaidhe i na chómhnaidhe i mbaile beag úair amháin. Seán Ó Murchada ab’ ainm do, ach ní thughadh aoinne riamh air ach Seán Gréasaidhe. Fear bocht geal-gáirteach ab’eadh é, agus do bhíodh bocht agus saidhbhir buidheach do. Do bhíodh sgéal beag greannmhar aige do gach aoinne a thaghadh isteach chuighe. Núair a bhaineadh an sgéal gáire as do bhíodh amhráin beag aige dóibh.
Bhí tigh beag aige ar thaoibh na sráide, agus bhí an fhuinneóg lán de píosaí leathar agus de shean bhróga. Do bhíodh sé ag amhrán agus ag crónán do féin i gcómhnaidhe, nuair a bhíodh sé ag obair. Bhí Púnncán an-shaidhbhir taréis teacht ó Shasana Nuadh, agus bhí sé ag cur fé san mbaile mbeag. Ní raibh dada le deanamh aige acht bheith ag siubhal síos suas an tsráid gach aon lá.
Do chíodh sé an gréasaidhe ag obair gach lá, agus ba mhaith leis bheith ag éisteacht leis ag feadhgail agus ag crónán dó féin. Bhúail sé isteach chuige lá agus taréis bheith ag seanchas leis, dubhairt sé gur dócha go raibh carn airgid aige. “Tá” arsa an gréasaidhe, an méid a fuaireas ó sean-bhean as taoibhín a chur ar a bróigh. “Feach” ar seisean agus thaisbeán sé trí pingin do, “sin é an méid atá sa tsaoghal.”
Dob ait leis an gréasaidhe(continues on next page)- Collector
- Nóra Ní Chonaill
- Gender
- Female
- Address
- Dromkeare, Co. Kerry
- Informant
- Muiris Ó Conaill
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Dromkeare, Co. Kerry