Scoil: An Clochar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 13542)

Suíomh:
Cahersiveen, Co. Kerry
Múinteoir:
An tSr. M. de Lourdes Stac
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 174

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 174

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Leathanach 174
  3. XML “Bacach an Teampaill”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. I nDún Úrlan i bParóiste 'n Fhirtéuraig tá roilg agus is mó Ghaedhilgeóir breagh, groidhe a luigheann go fann féd 'n bhfód innti. Níl aon eaglais 'na h-aice, ach í i bhfad ón mbóthar mór i n-áit uaignigh, sa tslighe sin ná bíonn siúbhal aoinne uirthi ó luan go Satharn, ach amháin nuair a bítear a' cur duine éigin.
    Mórán blianta ó shion - ní mhaireann aoinne anois gur cuimhin leis é - do thuit a leithéid seo amach. Gach socraid d'á dtéighead go dtí an reilg seo, do chuireadh sean-duine beag, críonna, casta, caithte, a ceann aníos as uaig, agus deireadh i nglór chaol, árd -
    "Píopa is tobac do Bhacach an Teampaill,
    Cuir féin rann as san."
    Ní thugadh aoinne aon fhreagra air ach na daoine go léir a' teiceadh uaidh agus scannradh 'na gcroídhe. Do b'é do b'fhada leo go mbíodh clúduighthe ar an gcorpán bhocht chun bheith imitighthe as a radharc. Is beag duine a théigheadh chomh fada leis an dteampall i n-aon chor.
    Do chualaidh an file - Piaras Feirtéar - an scéal. An chéad tsochraid eile a bhí a' dul go dtí an reilg, do chuaidh sé innti. Má chuaidh do chuir an sean-duine beag (-) aníos mar ba ghnáthach leis agus do chas a phort--
    "Píopa is tobac do Bhacach an Teampaill
    Cuir féin rann as san."
    "A" arsa Piaras 'ghá fhreagairt go misneamhail agus go neamh-eaglach--
    "Da ndéantá t'aithrighe i n-am
    Ní bheidhfeá id'shamhailt annsan."
    Ní feactas riamh ó shion "Bacach an Teampaill." Deireadh na sean-daoine gurabh é sin an phurgadóireacht a bhí air, agus ná raibh uaidh ach go dtabharfadh duin' éigin freagra.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    2. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge