Scoil: An Clochar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 13542)

Suíomh:
Cahersiveen, Co. Kerry
Múinteoir:
An tSr. M. de Lourdes Stac
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 263

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 263

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Leathanach 263
  3. XML (gan teideal)
  4. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Nuair ná díoladh na daoine a chuid féin don sagart fadó….

    Nuair ná díoladh na daoine a chuid féin don sagart fadó bhíodh sé ag baisteachán ortha ar an Áltóir. Deirtear go raibh sagart ag glaodhach ainmneacha na ndaoine a thug airgead do i gcoír na Nodlag, agus nuair tháinig go dtí na daoine nár dhiól aon pingin leis dubhairt sé nár dhíol "Seán Deirneach deire na h-oidhche" é ná "Pádruig Ruadh na bpúcaí é agus mar sin do.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. (gan teideal)

    Dearg thiar, iasg is toradh...

    "Dearg thiar, iasg is toradh
    Dearg thuaidh fuacht is sneachta."

    "Duine gan dinneár, beirt gan suipeír."

    Do ghaibh beirt drifeár, agus cailín ó'n dtigh ba ghiorra dhóibh age sgriobadh prátaí ar chloich gréine, - sé sin cloch bán garbh ina bhféádfaí prátaí do sgríobadh air. Oidhche gealaighe ab' eadh í agus bhí gach cuid des na prátaí meilte aca nuair chualadar na ba ag geimrigh timcheall ortha agus n'feacadar aon bhó. Níor dheineadar aon tsuim de sin agus leanadar ar aghaidh le na gcuid oibre. Ba gheárr gur chualadar an gaíridhe go léir in aice leó. Do chasadar a gcearca is a gcárdaí ar a cheíle agus bhaineadar an tig amach chómh tuigh agus d'feádadar é. Do deineadar steampaí des na prátaí meilte. Nuair a bhí sé déanta tug cáilín an tíghe cisde de abhaile léi. Do thug a máighistreas ruaine de'n chiste do 'gach duine d'á ceathrar buachaillí, agus do cuir sí an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge