Scoil: An Clochar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 13542)

Suíomh:
Cahersiveen, Co. Kerry
Múinteoir:
An tSr. M. de Lourdes Stac
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 292

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 292

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Leathanach 292
  3. XML “Toibreacha Beannaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ag dul in-áirde in éadain an cnuic agus deirtear go gcuireadh an Naomh de phionós ar feín bheith ag dreapadóireacht suas ar seo - áit nách bhfuil taisteal na ngabhar féin ann.
    I bparoísde Naoimh Fionaín tá tobair beannuighthe eile. Deirtear gur tháinigh an tobar seo ann le linn d'Fionán do bheith ag leígheamh Aifrinn dos na daoine uair agus nuair ná raibh aon uisge le faghaíl.
    Thiar inGleanntán i mBaile-na-Sgealg tá an tobar ar a dtugtar Tobar Mhicíl agus théigheann daoine go dtí an áit sin leis ar an gcuigeadh lá fichid de Mhí Meadhain Fóghmhair chun turasanna do dhéanamh. Istig i Sgeilg Michíl airís ar an gcloich tá tobar eile agus deireann na sean-daoine go gcídhtear solus gleígeal ag teacht as an dtobar sin, amach fé dhéin an tobair ar an mín-tír uair gach seact mbliain.
    Tá tobar beannuighthe i gClais a' Chúmhra ar teorann pharoíste na Faille Mhoíre ar a dtugtar Tobar "Naoimh Fhursa," "duine gur mar a chéile do duibhré no solus na gréine" a fuair í seo mar tobar amach ar dtúis. Is amhlaidh a bhí sé ag siubhal ar bolg an tsleíbhe agus madra mar treóraidhe aige nuair a bhraith sé an t-uisge fé na chosaibh. B'é leónú Dé gur crom sé síos agus gur nigh sé a aghaidh leis an uisge. Ní luaithe a aghaidh nighte aige ná go bhfeaca sé solus geal an lae do'n chéad uair. Ansan do dhein sé tobair le méid an áthais a bhí air. Ós rud é gur dall a d'aimsigh é ní h-aon nídh de gnóthaí an tobair a bhíonn ar aoinne acht amháin ar dhuine chaoch.
    Tá tobar eile i nGleann Beithe, acht níltear cinnte ché hé atá mar "mharc" leis. Tá tuairisg a aimsighthe chómh (?) leis an t-uisge coisreachtan. Is amhlaidh a bhí duine bocht go raibh an "taos leis an oighean" aige in a chómhnaidhe in-aice na h-áite in a bhfuil an tobar anois. Ní raibh aoinne i gcúram an duine bhocht agus d'fág san mar a bhí sé é
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge