Scoil: Baile an Sceilg (C.) (uimhir rolla 8350)
- Suíomh:
- Baile an Sceilg, Co. Kerry
- Múinteoir: Bríghid Ní Fhianachta
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí baintreabhach ann fadó agus bhí triúr páistí aici. Do chuir sí a codhladh iad tráthnóna Dé Satharn. Níor mhaith léi tosnú ar an abhras tráthnóna Dé Satharn. Do tharraig sí chúiche mála lín chun go mbeadh sí ag caitheamh ha h-oidhche dí féin. Ní raibh aon tslíghe beatha aici acht ag sníomh is ag cárdáil. Do bhuail chíúiche isteach is d'óidhche fear. Téidhr a codladh a chailín chríonna.. Fan go fóill a ghiolla mailítis. Cad na thaobh san a chailín chríonna. Go gcárdáilfeadh an rob beag líon sa Chárdaí duitse agus cardaí dómh-sa agus beidh sé cárdála fé cheann nóimeat agus dubhairt , Téidhir a chodhladh a chailín críonna .Fan go fóill a ghiolla an mhailítis. Cad na thaobh san a chailín chríonna. Go snímhfadh an rob beag líon sa. Turn duitse agus turn dómh-sa agus beidh sé déanta fé cheann nóimeat agus do bhí sé déanta fé cheann nóimeat. Téidhir a chodladh a chailín chríonna . Fan go fóill a ghiolla an mhailítis. Cad na thaobh san a cháilín críonna. Caithfead é dhealbhú anois. Ceann duit-se agus ceann dómh-sa agus beidh sé déanta fé cheann nóimeat. Teidhir a chodladh cháilín críonna. Fan go fóill a ghiolla mailítis. Cad na thaoh san a chailín críonna. Mar caithfeadh éadach a dhéanamh de. Seól(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Eíbhlín Ní Leathlobhair
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Mícheal Ó Diolláin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 71
- Seoladh
- Cinn Aird Thiar, Co. Kerry