School: Baile an Sceilg (C.) (roll number 8350)

Location:
Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
Teacher:
Bríghid Ní Fhianachta
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 138

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 138

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Sceilg (C.)
  2. XML Page 138
  3. XML “Giolla an Mhailítis”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    duit-se agus seól dómhsa agus beidh sé déanta fé cheann nóimeat. Teidhir a chodhladh a chailín críonna. Fan go fóill a ghiolla mailitís. Cad na thaobh san a chailín críonna , mar caithfeadh bairlíní a dhéanamh de, agus bhíodar déanta fe cheann nóimeat. Téidhir a chodladh a chailín críonna. Fan go fóill a ghiolla mailítis. Cad na thaobh sa. chailín chríonna mar caithfeadh dul go dtí an tobar fé dhéin galún uisge. Nuair a chuaidh sí amach bhuail fear léi. Dubhairt sé léi na haon nídh a dhéánamh fé mar a dearfadh sé féin léi. Dubhairt sé léi a cosa a níghe agus an t-uisge a chaitheamh amach.Ní haon ana las atá istigh agat. Nuair a bheidh tú ag déanamh ar an dtig cuir béic asat agus abair é seo. Cnoc na mban Fíonn agus cnoc ós a chionn fé bhárr lasrach. Anaman diabhal arsa'n fear tá mo bhean is mo pháistí fé bhárr lasrach. Do rith sé an doras amach . Do dhún sí an doras na dhiaidh. Níor dhein sí acht braoin uisge do chaitheamh sa chorcán agus do nigh sí a chosa agus do chaith sí an t-uisge an doras amach. Níor raibh acht san déánta aice nuair a tháinig an fear arís agus dubhairt leig isteach mé, leig isteach mé a uisge na gcos.N 'fhéadfainn é arsa uisge na gcos mar táim lasmuigh díot. Leig isteach mé a thlúighlín. N'fhéadfainn ,é arsa 'n tlúgh- lín mar tá mo cheann fé 'an taobhán. Leig isteach mé a dhroll. N'fheaffainn é arsa'n droll mar táim
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Eíbhlín Ní Leathlobhair
    Gender
    Female
    Informant
    Mícheal Ó Diolláin
    Gender
    Male
    Age
    71
    Address
    Cinn Aird Thiar, Co. Chiarraí