School: Inis Cléire, Dún na Séad
- Location:
- Cléire, Co. Cork
- Teacher: Donncha de Búrca
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí cómhnuidhe ar an nGruagach agus a mnaoi insan tseanachaisleán (Dún an Óir, Baile Iarthach Thuaidh). D’réir riaghal na haimsire sin bhí amadán ag gach duine uasal 'na Chaisleáin. Bhí coill an uair sin sa Chumar (nóta: idir an dá chuan) a shrois ó Pholl a’ Phúca go lár an Bhaile Iarthaigh. Ba mhinic an Gruagach ag fiadhach sa choill so.
Lá dosna laetheannta so do ghluais sé ag fiadhach do féin agus d’fhág sé an t-amadán mór ag coimeád a mhná faid a bheadh sé féin a fiadhach. Bhí draoidheacht ag an nGruagach so, agus an lá so cheap sé an t-amadán mór a thriail. D’fhíll sé abhaile i riocht duine uasail agus thosnuigh sé ag cur cainnt agus ag bladar leis an mnaoi óig .i. bean an Ghruagaigh. Thuig an t-amhadán mór an fuadar a bhí fé. Tharraing an t-amadán chuige a chlaidheamh agus siúd ag troid é. Siúd ag troid an fear eile leis. Níorbh fhada ag troid é gur baineadh cos de'n amadán ach choinnibh sé air a troid go fíochmhar ag cosaint na mná.
Baineadh an chos eile den amadán ach níor stop san é leis. Tháinig truagh ag an nGruagach do agus nuair a chonnaic sé dílseacht an t-amadán do thug sé le tuigsint do gurab é féin an Gruagach agus chuir sé a dhá chois ar an t-amadán mór arís.- Collector
- Mairéad Ní Síothcháin
- Gender
- Female
- Address
- Lios Ó Móine, Co. Cork
- Informant
- Tomás O Síothcháin
- Gender
- Male
- Age
- 52
- Address
- Lios Ó Móine, Co. Cork