School: Inis Cléire, Dún na Séad
- Location:
- Cléire, Co. Cork
- Teacher: Donncha de Búrca
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Inis Cléire, Dún na Séad
- XML Page 013
- XML “Drom an Uair agus Tógáil na nDaoine”
- XML “Scéal Eile mar gheall Orthu”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Annsan sgaoileadh amach í agus togha fir Oileán Cléire ag faire uirthi. Bhí sí trí lá gan uisge a dhéanamh. Ar aghaidh léi an tríomhadh lá go bruach na faille agus b’shin an chéad uisge a dhein sí. Fuaireadh é agus do sábhaileadh an bhean.
- Bhí beirt bacac i gCléire fadó. Tadhg Mór ÓSíothcháin a bhí mar ainm ar duine aca. Do bhí duine aca ag gabháil le Dream an Uair ó Chiarraighe agus Tadhg Mór ag gabháil le Dream an Uair ó Chorcaig.
Do chuaidh an bacach Tadhg Mór abhaile chuig a mhuintir tráthnóna agus dubhairt leó, “Anocht ar an gcnocán sin thall,” ar seisean, “a throidfear an troid is mó dár troideadh riamh i gCléire. Má bhuadhann mo thaobh-sa, beidh dhá chos agam-sa amáireach, agus gan aon chos ar an duine eile.” "Go deimhin, a Thaidhg,” ar sa athair, "ní fhágfaidh tusa an áit seo anocht.”
Idir a athair agus a mháthair a chodail sé an oidhche sin. Ach nuair a dhúisigheadar ar maidin bhí Tadhg imthighthe. Ghabhadar amach agus chonnacadar Tadhg ar an gcnocán gan briseadh ná brúghadh air ach é slán folláin agus dhá chois air ag rinnce. Roimhis sin glaodhtaí “Cnocán an Tobair” air, ach ó shoin i leith glaodhtar “An Iomaire Ruadh” ar an gcnocán san.- Collector
- Mairéad Ní Síothcháin
- Gender
- Female
- Address
- Lios Ó Móine, Co. Cork
- Informant
- Tomás Ó Síothcháin
- Gender
- Male
- Age
- 56
- Address
- Lios Ó Móine, Co. Cork