School: Inis Cléire, Dún na Séad
- Location:
- Cléire, Co. Cork
- Teacher: Donncha de Búrca
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Inis Cléire, Dún na Séad
- XML Page 144
- XML “Comalán”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)tugadh Cumolán mar ainm ar an mbaile. Cum iseadh áit íseal idir dhá chnoch, agus sé an lán atá i gceist na lán do thighthe. Tá san amlaidh mar tá Carraigín an Fholair, ar an dtaobh theas de agus Carraig a' Cumoláin ar an dtaobh thuaidh de.Tímcheall le deich mbliadhna agus cheithre fichidh ó shoin, is sa Cumolán i bhíodh sagart an Oileáin ina chómhnuidhe, sal ar aistrig sé go hInbhear. Tá fotharacha an tíghe go mbíodh chómhnuide ortha le feischint fós. Glaodhtar "Garraidhe an tSagairt", ar an bpáirch go bhfuil na fotharacha sin le feischint. Is é an tAthair Ó'Máthgamhna, an sagart deirneach a bhí ina chómhnuidhe sa Cumolán. Is é an fáth gur fhág na sagairt an tig sin, mar tig tuighe i beadh é, agus bhí sé ag tuitimh anuas ar a chéile leis an aois, agus do thárla leis san aimsir céudna go raibh tig nuadh ag (oifigí) (coastguards) theas in Inbhear, agus do bhíodar taréis é fágtha. Do bhí an tig sin ana oireamhnach i gcóir sagairt, agus dá bhrígh sin d'fhág an cead sagart eile 'tháinig ina dhiaidh an tAthair Ó Máthgamhna, agus chuaid sé chun cómhnuighthe in Inbhear. Na sagairt go léir a tháinigh ó shoin, is in Inbhear atá chómhnuidhe ortha.Go dtí le dachad bliadhain féin, is go Cumolán a tagadh an post isteach. Bádh sé mhaide a bhíodh ag dul amach ó Chuas a' Dúbhglais, ceithre uaire sa tseachmhain agus mór-seisear fear inti. Sin fear dhá stúiradh agus seisear fear ag iomradh. Tá dhá gollán ina seasamh i bpáirch atá ar an dtaobh thuaidh do'n bhaile seo. Do bhí trí cínn ann tráth éigin, acht do thuit ceann aca. Tá sé mar bheal-oidheas, ag na sean-daoine gur ag na golláin sin a póstaí na daoine i gCléire aimsir na bpánánach, sal ar dhein Naomh Ciarán Críostaidhe do muínthir an oileáin. Tá poll(continues on next page)
- Collector
- Máire Ni Drisceóil
- Gender
- Female
- Address
- Comalán, Co. Cork
- Informant
- Ciarán Ó Drisceóil
- Gender
- Male
- Age
- 55
- Address
- Comalán, Co. Cork