School: Clochar na Trócaire (Convent of Mercy)
- Location:
- Skibbereen, Co. Cork
- Teacher: Na Siúracha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- I ngleann aoibhneach iargúla sléibhte agus i n-áit 'nabhfuil "na cnuic móra ag bagairt a gcinn tar dhuim a chéile" ar an dtaobh thall de Dhrom-Dhá-Liagh atá Caisleán Uí Dhonnabháin. Fadó, fadó tógadh an caisléan san deirtear i lár na dara aois déág is deachair talamh slán a dhéanamh de. Pé sgéal é, bhí de muinntir Uí Dhonnabháin 'na chomnuidhe i gceanntar Beanntraighe bhí sé cómh saidhbhir le déamar agus i niomar na h-aimléise chun feidhm ceart do baint as a cuid airgid. Fé deire thíar tall dubhairt duine leis caisleán do thógaint. Do sprioch san leis agus fós cheap sé 'na aigne féin go mbeadh clú is cáil air go lá philibh an Chleithe toisc an caisleán a thóg sé. Tosnuigheadh an obair gan a thuille mhoille agus deirtear gurbh é an martaol a bhí ags na saoraibh ná fuil measgaithe le fionnadh bó is capall agus sin é an chúis go bhfuil na fallaí chómh daingean indiu is a bhíodar riamh. D'ionnsuigheadh an caisleán sa blian 1650 agus dob iad saighdiurí Cromail a dein an tionnraidhe ó bharr Céim na Carraige. Bhí gunnaí móra acha agus le ceann díobh cuireadh sgoilt sa bfalla. Bhí an Donnabhánach istigh sa caisleán agus tolladh a chroidhe le urchar. Thuit an fear bocht ar áit na mbonn. Tá an sgoilt le feiscint fós agus aon duine a raghadh chun an chaisleáin indiu chífeadh sé an poll san chómh soiléir is a bhí sé riamh.(continues on next page)
- Collector
- Eibhlís Ní Drisceoil
- Gender
- Female
- Address
- Lissane Upper, Co. Cork
- Informant
- Diarmuid Ó Drisceóil
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 55
- Address
- Lissane Upper, Co. Cork