School: Meall an tSrutháin (roll number 2117)
- Location:
- Maulatrahane, Co. Cork
- Teacher: Dll. Ó Luasaigh
![The Schools’ Collection, Volume 0299, Page 017](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0299%2FCBES_0299_017.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0299, Page 017
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- "Mícheál Chormaic" a thugann na seandaoine air i gcoithinn. Do rugadh é tímcheall na bliana 1800 A.D. i bparóisde Cill-Mhac-Abaidh (cuid de pharóiste na Léime, fé láthair) agus do shíolruigh sé ó'n dtreibh uasal Uíbh Súilleabháin do tháinig don cheanntar so ó Chluain Mheala am éigin taréis teacht na Normánach go h-Éirinn. Deirtear gubh fheirmeoir neamh-spleadhach athair Chormaich. Tá áit a bheirthe timcheall sé mhíle soir-ó-thuaidh de Sciobairín. Is iomdha gaolta gairid le Mícheál a chomhnuigheann sa cheanntair so fós.Cáit Nic Iarlhlaithe dob' ainm dá mháthair agus Cormac Ó'Súilleabháin dob' ainm d'á athair. I mBaile-Reidhrí is eadh a bhí cómhnuidhe ortha an t-am do phósadar nó go gairid 'na dhiaidh sin. As Doire Loga a tháinig Cáit Nic Iarlfhlaithe ámhthach. Tá an sloinne go flúirseach i nDoire-Loga go fóil. B'é Mícheál an céad duine clainne a bhí aca agus beirt eile a bhí aca ina dhiaidh: mac eile agus inghean. Pádraig ab ainm de'n mhac agus Máire de'n inghean. Do cailleadh máthair Mhichíl agus é ana óg. Agus do réir deallraimh is é rud a thárlaidh annsan ná gur chuaidh Mícheál go dtí muinntir a mháthar go Doire Loga (i bparóiste Sgiobairín) agus do chaith sé an chuid eile dá shaoil(continues on next page)
- Collector
- Domhnall Seosamh Ó Luasaigh
- Gender
- Male