School: Clochar na Trócaire, Ros Ó gCairbre (roll number 14813)

Location:
Ross Carbery, Co. Cork
Teacher:
An tSr. Áilbe
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0308, Page 119

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0308, Page 119

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, Ros Ó gCairbre
  2. XML Page 119
  3. XML “Naomh Fachtna Pátrún Ruis”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    do chaill sé radharc a shúl. Ba thruagh an chaill dó é ach ghuidhe sé cun Dé, agus cuiread fios air dul go driofúr Naoimh Íte chun leigheas d'fhágháil uaithi. Comh maith do chuaidh. Deineadh míorbhúil air ann, agus bhí radharc a shúl chomh maith agus bhí sé riamh. Bhí fhios ag gach aoinne go raibh sé an-naomhtha agus gur bhronn Dia bronntaisí (3) móra air. Lá éigin thuit rud amach a chruithuigh do gach duine go raibh Naomh mór 'na measg. Lá Samhraidh bhí Fachtna amuigh cois na fairrge agus é 'na aonar mar ba ghnáthach leis. Do shuidh sé síos agus chrom sé, ag rádh phaidreacha as leabhar a bhí 'na láimh aige. Go hobann thosnuigh sé ag báisteach go trom. Do las na spéartha ag do phleasg an tóirneach. Do rith Naomh Fachtna abhaile ar a dhícheall agus bhí deifir chomh mór san air gur dhein sé dearmhad a leabhar urnaí do bhreith leis. Bhí sé go buartha 'na aigne mar cheap sé go mbéadh an leabhar millte ag an bhfearthainn agus bhí sé an-cheanamhail ar an leabhar san mar féirín a b'eadh é a fuair sé ó fhíor-charaid éigin. An lá in-a dhiaidh sin chuaidh sé amach go dtí an áit chéadhna agus narbh air a bhí an t-áthas agus an t-iongnadh nuair chonnaic sé tig beag i bhfuirm teampuill san áit 'nar fhág sé an leabhar, agus an leabhar istigh ann slán,
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. people
        1. factions (~230)
    Language
    Irish
    Collector
    Eibhlín Ní Donnabháin
    Gender
    Female