Scoil: Clochar na Trócaire, Ros Ó gCairbre (uimhir rolla 14813)
- Suíomh:
- Ros Ó gCairbre, Co. Chorcaí
- Múinteoir: An tSr. Áilbe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)do chaill sé radharc a shúl. Ba thruagh an chaill dó é ach ghuidhe sé cun Dé, agus cuiread fios air dul go driofúr Naoimh Íte chun leigheas d'fhágháil uaithi. Comh maith do chuaidh. Deineadh míorbhúil air ann, agus bhí radharc a shúl chomh maith agus bhí sé riamh. Bhí fhios ag gach aoinne go raibh sé an-naomhtha agus gur bhronn Dia bronntaisí (3) móra air. Lá éigin thuit rud amach a chruithuigh do gach duine go raibh Naomh mór 'na measg. Lá Samhraidh bhí Fachtna amuigh cois na fairrge agus é 'na aonar mar ba ghnáthach leis. Do shuidh sé síos agus chrom sé, ag rádh phaidreacha as leabhar a bhí 'na láimh aige. Go hobann thosnuigh sé ag báisteach go trom. Do las na spéartha ag do phleasg an tóirneach. Do rith Naomh Fachtna abhaile ar a dhícheall agus bhí deifir chomh mór san air gur dhein sé dearmhad a leabhar urnaí do bhreith leis. Bhí sé go buartha 'na aigne mar cheap sé go mbéadh an leabhar millte ag an bhfearthainn agus bhí sé an-cheanamhail ar an leabhar san mar féirín a b'eadh é a fuair sé ó fhíor-charaid éigin. An lá in-a dhiaidh sin chuaidh sé amach go dtí an áit chéadhna agus narbh air a bhí an t-áthas agus an t-iongnadh nuair chonnaic sé tig beag i bhfuirm teampuill san áit 'nar fhág sé an leabhar, agus an leabhar istigh ann slán,(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Donnabháin
- Inscne
- Baineann