School: Tráigh Phraisce (C.) (roll number 5566)
- Location:
- Trafrask, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Chonghaile
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tráigh Phraisce (C.)
- XML Page 328
- XML “Seancheirdeanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Cuiridís píosa córda nó cadáis isteac in a láir mar buacais. Fágaidís na coinnil ar áit éigin ar feadh na hoidhche cun íad do deanamh cruaidh. Ceárd eile a bíodh ag na daoíne do beadh deanamh ciseáin. Tá an ceárd san marbh nác mór ins an paróiste seo ac tá fear annso is annsúd fós gur bhféidir leis ciseán maith do dheanamh. De beart crainn sailídhe a deinidís na ciseáin. Cuiridís circle dóibh in a sheasamh i bpáirc éigin agus a bár suas agus ceangalaidís a barra le píosa téad. Nuair a bheadh san deanta geibidís na slata fada láidre agus deinidís íad do fídhe isteac is amac go dtí go mbidís leath slíghe suas. Annsan cuiridís saghas fuinneóga ann leanadh síad dá cuid oibre arís go dtí go mbeadh an ciseán go léir criocnuighthe. Deanaidís cuid de na slata d'iompó a bhíonn na sheasamh suas. Iompúigheann siad na slata a bionn ag dul síos idir na slata eile. Annsan deinidís suagán sailíghe igcóir láimh agus cuiridís ar an gciseán é. Ceárd ana áiseac ins an paróiste seo do beadh sniomadóireact. Ar tuirlín a deintear an sniomadóireac. Tá an tuirlín deanta de roth timceall aon-déag tamaídhe ann, fearsad agus ceap. Sular deintear é do sníomh deantar é do cárdáil sé sin é do deanamh i saghas snátha. Nuair a beadh sé sniomhtha beadh sé i snáth olna. Diolaidís cuid den snáth don fígheadóir agus deineadh sé sin eadac(continues on next page)
- Collector
- Nóra Ní Dhubhghaill
- Gender
- Female