Scoil: Tráigh Phraisce (C.) (uimhir rolla 5566)

Suíomh:
Trá Phraisce, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Chonghaile
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0280, Leathanach 328

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0280, Leathanach 328

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tráigh Phraisce (C.)
  2. XML Leathanach 328
  3. XML “Seancheirdeanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Cuiridís píosa córda nó cadáis isteac in a láir mar buacais. Fágaidís na coinnil ar áit éigin ar feadh na hoidhche cun íad do deanamh cruaidh. Ceárd eile a bíodh ag na daoíne do beadh deanamh ciseáin. Tá an ceárd san marbh nác mór ins an paróiste seo ac tá fear annso is annsúd fós gur bhféidir leis ciseán maith do dheanamh. De beart crainn sailídhe a deinidís na ciseáin. Cuiridís circle dóibh in a sheasamh i bpáirc éigin agus a bár suas agus ceangalaidís a barra le píosa téad. Nuair a bheadh san deanta geibidís na slata fada láidre agus deinidís íad do fídhe isteac is amac go dtí go mbidís leath slíghe suas. Annsan cuiridís saghas fuinneóga ann leanadh síad dá cuid oibre arís go dtí go mbeadh an ciseán go léir criocnuighthe. Deanaidís cuid de na slata d'iompó a bhíonn na sheasamh suas. Iompúigheann siad na slata a bionn ag dul síos idir na slata eile. Annsan deinidís suagán sailíghe igcóir láimh agus cuiridís ar an gciseán é. Ceárd ana áiseac ins an paróiste seo do beadh sniomadóireact. Ar tuirlín a deintear an sniomadóireac. Tá an tuirlín deanta de roth timceall aon-déag tamaídhe ann, fearsad agus ceap. Sular deintear é do sníomh deantar é do cárdáil sé sin é do deanamh i saghas snátha. Nuair a beadh sé sniomhtha beadh sé i snáth olna. Diolaidís cuid den snáth don fígheadóir agus deineadh sé sin eadac
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. gnó agus ceird (~4,680)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Ní Dhubhghaill
    Inscne
    Baineann