School: Baile Mhúirne (C.)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
![The Schools’ Collection, Volume 0332, Page 0563](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0332%2FCBES_0332_0563.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0332, Page 0563
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Nuair a tháinig sé go dtí an doras do chuaidh sé amach. Do thosnuigh sé ag rith go dtí go dtáinig sé go dtí a bhaile féin.
Bhí a mháthair 'na suidhe in aice na teine Do bhí ana áthas uirthi nuair a chonnaic sí Seán airís. Ansan d'innis sé dóibh gach rud mar gheall ar an bpúca agus mar gheall ar mbata draoidheachta a thug an fearín beag do.
Dubhairt sé leis féin gur mhaith leis tig mór a dhéanamh do féin. Ansan do bhuail sé buile dá bhata dhraoidheachta ar an dtalamh agus díreach nuair abhí sé tar-éis an buille a thabhairt do, do bhí tig ana mhór déanta ann.
Ansan do chuaidh sé isteach sa tig beag agus do ghlaoidh sé ar a mháthair agus tháinig sí amach 'na dhiaidh agus do chuaidh an bheirt aca isteach sa tig mhór agus do mhaireadar ann as san amach.- Collector
- Cáit Ní Shúileabháin
- Gender
- Female
- Age
- 16
- Informant
- Bn. Sheáin Uí Luasaigh
- Gender
- Female
- Age
- 67
- Address
- Baile Mhic Íre, Co. Cork