Scoil: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (uimhir rolla 12147)
- Suíomh:
- Ardfield, Co. Cork
- Múinteoir: Pádraig Ó Donnabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte
- XML Leathanach 131
- XML (gan teideal)
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí bachach darbh'ainm Brian agus a bhean ar aonach Tí Molaga.”
(ar lean ón leathanach roimhe)Agus ní baoghal go gcaillfir a chéird duit
Faid a mhairifidh a' ré ná an grian"A' lorg déirce a bhíodh an Brianach.(gan teideal)
“Sa t-sean aimsir tagadh iascairí ó Dhúngarbhán aníos go Cuirt a'tSearraigh...”
Sa t-sean aimsir thagadh iascairí ó Dhúngarbhán go Cuirt a’tSearraigh agus do ráinig go raibh fear ar bád acha a bhí an-ghéarcúiseach ‘na chainnt.
Thárla go dtáinig a’file Séamus Ó Colamán ar dhruim chapaill ag féachaint ar na báid agus ‘nuair do chonnach a’t-iascaire é do chuir sé cainnt air mar seo:
‘A fhear a’chapaill bháin
A n-íosfá deargán
A’thón sean-bháid
Aníos ó Dhúngarbháin?’
Do leag an Colmanach ‘na thost é d’urchar. Sidé a dubhairt sé: ‘Dá mbeifeá-sa is do shean-bhád
A’siúntaibh Ghascharáin,
Do thabharfá do dheargán
A bheith i gcalmán”(I n-iarthar Chorcaighe atá an siúnta seo agus bíonn an fhairrge riamh ‘na fraoch-thonntaibh ann)- Faisnéiseoir
- Donnchadh Ó Donnabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 70
- Seoladh
- Ballyluck, Co. Cork