School: Cúil Aodha (roll number 16521)
- Location:
- Cúil Aodha, Co. Cork
- Teacher: Pádraig Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)bliadhain.Bhí baint ag Naomh Gobnait le naomh Crobhdhearg. Tá tobar an naoimh sin i gconndae Chiarraidhe. Lá Bealtaine geibhmíd buidéal d'uisge an tobair. Tá leigheas ann do gach galar a thagann ar na h-ainmhidhthe. Sin mar atá againn Naomh Gobnait ag tabhairt aire do shláinte na ndaoine agus cúram na mbeithídheach ar naomh Crobhdhearg.Níl mórán eólais ag muinntir na h-áite seo ar naomh Bríghid ach níl aon tig gan brat Bríghde ann. Oidhche 'le Bríghde cuirtear hanciarsúr nú rud éigin amach agus deirtear go mbeannuighean Bríghidh é. Bíonn leigheas ann do thinneas cinn nú do thinneas fiacal nú do aon tinneas dá leithéid. Oidhche 'le Bríghde fadó dheineadh an t-aos óg saghas bábóige ar a dtugtí an Bhrídeóg. Théighdís tímcheall go dtí na tighthe ag bailiúghadh airgid mar a deinean na buachaillí lá 'le Stiopháin anois.Bhí sé mar nós oidhche Bealtaine go dtéigheadh an bhean ba shine sa tig amach ag bailiúghadh aiteann Mhuire agus seamar Mhuire. Bhíodh naoi gas de gach ceann acu(continues on next page)
- Informant
- Dómhnall Bán Ó Céilleachair
- Gender
- Male
- Age
- 69
- Occupation
- Feirmeoir beag
- Address
- Cúil Aodha, Co. Cork