School: Cúil Aodha (roll number 16521)
- Location:
- Cúil Aodha, Co. Cork
- Teacher: Pádraig Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cúil Aodha
- XML Page 292
- XML “Piseoga”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Dá dtagadh an cheathramhadh dhubh ar ghamhain le duine geárrfadh sé anuas an ceathramhadh a bheadh dubh cuirfeadh anáirde ar an simné é agus d'fágadh ann é.
Dá gcomáinfá na ba amach le slat sailíghe maidean lae Bhealtaine bheadh an rath ar do chuid ime i rith na bliadhna.
Dá dtéightheá go dti uisce na dtrí d-teórann maidean lae Bealtaine agus do chuigean a bhreith leat ceangailte le gadraigheacha cárthainn bheadh an rath ar do chuid ime i gcaitheamh na bliadhna.
Dá dtéightheá isteach i dtig nuair a bheadh cuigean ghá dhéanamh agus smearóid teineadh d'fhághail ann agus í mhúchadh sa tsruthán ba ghiorra duit thiocfadh an t- ím chúghat.
Bhí sagart 'na chómhnuidhe i dtig feirmeóra uair. Dein bean-an-tighe cuigean sara ndeachaigh sí ag crúdh na mbó. Ní raibh aoinne istigh ach an sagart. Tháinig buachaill isteach id' iarraidh smearóide. Thug an sagart do é agus nuair a bhí sé imthighthe chuir sé smearóid isteach i dtobán uisce. Tháinig sé an tarna uair agus an tríomhadh h-uair id' iarraidh na smearóide agus do dhein an sagart an cleas céadhna. Nuair a tháinig bean-an-tighe isteach d' feach sí(continues on next page)- Informant
- Dómhnall Bán Ó Céilleachair
- Gender
- Male
- Age
- 69
- Occupation
- Feirmeoir beag
- Address
- Cúil Aodha, Co. Cork