School: Cúil Aodha (roll number 16521)
- Location:
- Cúil Aodha, Co. Cork
- Teacher: Pádraig Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cúil Aodha
- XML Page 294
- XML “An Gorta”
- XML “Gaisce”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)chuige gach maidean agus chaitheadh sé féin dul chuige. Tháinig sean-duine an treó agus cuireadh amach sa chró é sin leis.
Bhí cailín bocht ag fághail bháis leis an ocras agus d'airig sí go mbíodh an bainne ar an bhfuinneóig. Tháinig sí ag triall ar agus thóg sí deoch ach cailleadh í tamall 'na dhiaidh san. Tar-éis roinnt aimsire fuair an sean duine bás agus bhí sé ann ceithre lá sara raibh sé de mhisneach ag aoinne dul ag triall ar. - Bhí fear 'na chómhnuidhe i nGleann Fleisge tímcheall céad bliadhain ó shoin. Conaí Fada a thugtaí ar. Fear ana láidir a b'eadh é agus d'fhéadfadh sé aon rud ba mhaith leis a bhreith ar a dhrom leis.
Bhí sé féin agus fear eile gurab ainim do Liam ag cur coirce lá. Rug sé mála coirce trí céad ar a dhrom agus céachta fé na asgail agus d'imthig sé leis fé dhéin an ghuirt. Nuair a bhí sé imthighthe tamall do chas sé thar n-ais "A Liaim" ar seisean" is dócha go mbéarfairse an chuing leat." "Bhuel" arsa Liam "ba chóir go mbéarfainn."(continues on next page)- Informant
- Dómhnall Bán Ó Céilleachair
- Gender
- Male
- Age
- 69
- Occupation
- Feirmeoir beag
- Address
- Cúil Aodha, Co. Cork