School: Cúil Aodha (roll number 16521)
- Location:
- Cúil Aodha, Co. Cork
- Teacher: Pádraig Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cúil Aodha
- XML Page 318
- XML “Tomhaiseanna”
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Ceist.
Féuch suas mo dhaid mór as caipín dearg air.
Freagra
Simné tré theineadh.
Ceist.
Súid sa chúinne é as dhá chéud súil air
Freagra
Corcán anbhruithe.
Ceist.
Tá tig sa gháirdín a's do raghadh na mílte isteach ann a's ní bfagainn-se slíghe ann ná leath do mo chuid éudaig
Freagra
Criuceóg beach.
Ceist.
Is cruinne é ná do ceann a's is sia é na míle crann
Freagra
Cearthlín snáth
Ceist.
Tobarin fíor uisge ar fíor bhárr an t-sléibhe fuinneog gloine 'gus dorasín cré.
Freagra
Súil
Ceist.
Trí cosa i n-airde dhá chois ar thalamh ceann an duine beó i mbéul an duine mhairbh.
Freagra
Duine agus corcán ar a cheann
Ceist
Sean-duine beag donn a's a bhothán air a dhrom aige
Freagra
Seilmide.
Ceist.
Lán páirce go ghamnaibh bána a's gamhain mór dearg eadtra istig.
Freagra
Fiacla agus teangadh. - Do théigheadh daoine ó Bhaile Mhúirne agus ó aiteanna i gCiarraidhe go dtí Luimneach fadó ag bainnt prátaí. Pé in Éírinn é do chuaidh Eoghain Ruadh go dtí feirmeóír(continues on next page)