School: Cúil Aodha (roll number 16521)
- Location:
- Cúil Aodha, Co. Cork
- Teacher: Pádraig Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cúil Aodha
- XML Page 335
- XML “Seanamhráin”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Seanamhráin (continued)
“Lá as me ag taisteal liom féinig”
(continued from previous page)Greadadh 'gus cás ort a fhiolair an fháin
Milleadh gach lá agus léan ort
Nár thugair an t-ál amach ins an Mhárta
As nár thugair aon lá ghá n-aodhaireacht
Do rug uaim na cearca do bfheárr ar an mbaile
Do choinnigeadh go seascair lem' shaoghal mé
Go raibh neart agam tarrac ar an mbiadh b'fhéarr sa mbaile
Agus hoastaérí am stracadh ó na chéile.
II
Thug bean THaidg Uí Chuill Ó Chorcaig aníos chúgham
Seál a chuaidh trí 'gus réal ann
Hainceisiúir síoda chun foithin mo chinn
Dá dtabharfainn mo uibhe go léir di
Píosa breágh leathan aníos as a soitheac
Nuair a chuirfinn ar an dteine é ar mo stéig-phan
Go n-aireócfeá an baluith ar bhóthar tíghe an t-sagairt
A's chnósuigheadh na bacaig go léir chúgham
IIIThug Siobhán Eóin don Sabharn óir
Agus cuireadh chun óil dá dtéighinn léi
Ceathramhadh laoigh fheíla chun an Nodlaig mar nuadhacht
As geir chun í rósta ar ghéir bhior
Thug Siobhán na Tuinne dhom císte breág milis
Go raibh súicre á fhuineadh as tréacle
A's dá mbeadh té leis ar fiuchaidh as ím úr na prionntaibh
Bhead dóthain an bhreithimh de bhéile ann(continues on next page)- Informant
- Seán Ó Loingsigh
- Gender
- Male
- Age
- 53
- Occupation
- Gréasaí
- Address
- Cúil Aodha, Co. Cork