School: Cúil Aodha (roll number 16521)

Location:
Cúil Aodha, Co. Cork
Teacher:
Pádraig Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 342

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 342

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cúil Aodha
  2. XML Page 342
  3. XML “Rómhar”
  4. XML “Seán Bán Gabha”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this case, your IP address will be stored in the interest of quality control.
    (continued from previous page)
    Transcription guide »
    By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.
  2. Bhí fear ann fadó agus cníopaire ceart a bhí ann. Ní bíodh aon nídh ag déanamh buadhartha dho ach conas a dhéanfadh sé airgead. Bhíodh sé ag obair do ló 's d'oidhche agus fiú amháin gach Domhnach a's lá saoire. Lá amháin agus é ag obair an an gcuma san, do labhair an guth ós a chionn sa spéir agus dúbhairt "Is beag an chabhair duit do chuid chruadhála béarfaidh Seán Bán Gabha leis do chuid airgid Dhein san ana bhuaidhreamh do agus bhíodh sé ag cuimhneamh i gcómhnuidhe conas a chuirfeadh sé an t-airgead i bhfolach. Fé dheire chuimhnig sé ar sheift. Bhí bloc mór adhmaid amuigh sa chlós aige agus chuimhnig sé dá mbeadh an t-airgead istig i lár an bhluic go mbeadh sé sábhálta. Fuair sé tráthar agus thiomáin sé poll isteach i lár an bhluic agus chomairimh sé trí céad sabhran óir 'na gceann is 'na gceann isteach ann. Chuir sé pluga admaid sa pholl is do leithbhéal go slachtmhar é i dtreó is ná h-aithneóchadh aoinne é "Seadh anois" ar seisean "tagadh Seán Bán Gabha nú aoinne eile
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.