School: Cúil Aodha (roll number 16521)
- Location:
- Cúil Aodha, Co. Cork
- Teacher: Pádraig Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cúil Aodha
- XML Page 369
- XML “Laethanta na Seachtaine”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus cuireann na daoine mórán síolta an lá san. Ní phósann aoinne ar an Luan ar an gCéadaoin ná ar an Aoine. Laethanta casta na bliadna a tugtar ar an gcéad agus ar an tríomhadh lá d'en bliadain agus deirtear nach cheart aon obair do tosnúgad na laethannta san.
"Aistríughadh an Aoine ó thuaidh
Aistríuighadh an Luan ó dheas
Mura mbeadh agat ach caora is uan
Ní eireócadh an chursa leat"
Bí seana bhó riabhach ann fadó. Bhí an dá lá déug deirneach be'n Mhárta ana olc. Cheap an tseana bó dá mbeadh deire an Mharta tagaithe ná beadh aon baoghal uirthi. Táinig an lá deirneach de agus dúbhairt an bhó riabhach. "Slán leat a bhreimnig bhréin". Ach d'iarr an Márta cúpla lá ar iasacht ar an Aibreáin agus fuair sí iad. Tháinig na laethannta san go fliuch fuar gaothmhar agus do fuair an tseana bhó riabhach bas. Laethannta na bó riabhaithe a tugtar orta san agus is gnáth go mbíonn siad ana olc.- Informant
- Donnchadh Ó Céilleachair
- Gender
- Male
- Age
- 64
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- An Doirín Álainn, Co. Cork